Sunday, January 28, 2007

Coimhlint i Somáile: ruaigeadh na moslamach agus dul chinn cinn na foréigne ( Gearóid O Colmáin)

Is docúl go síolraíonn moréis na n-Éorpach ó shibhialtacht na n-Gréig fadó. Chum na Gréagach an focal ‘barbaroi’ chun cur síos a dhéanamh do Pheirsis, mar gur shíl siad nach raibh inti ach bar bar bar! Ní raibh morán meas ag na Gréagaigh do dreamanna eile, afach, cé is moite de na Ceiltigh.Dúirt na Gallaigh a bhí lonnaithe san Anatolia le Alexander nach raibh eagla orthu roimh éinne. Ach shil na Gréagaigh go raibh dream eile ina chonaí níos faide ó dheas tharr na Ejiptigh, agus an t-ainim a thug siad orthu, ná Aetóipigh. Dúirt Homer gur ndeachaigh na déithe go dtí an Aetóip gach bliain chun feis a chéilúradh ar feadh dhá déag lá. Shíl Herodotus go raibh Aetóip ina theorainn an domhain. Dúirt sé chomh maith go raibh na Ethiopaigh ceann de na daoine is dathúila ar domhan. Is cinnte anois go raibh sé ag caint faoin régúín sin. Is meascán de chultúr sean, ard, morga é An Aetóip. Tá suas le 82 teangacha á labhairt sa tír, ach is iad Amharic agus Béarla na teangacha oifigúila. Is tír í an Aetóip a mhair neamhpleách ó na mórchumhachtaí eorpaigh go dtí daorsmacht Mussolini i 1935.


Thainig An Aetóip ar ais ar mheán domhanda le déanaí le coimhlint i Somalia. Dúradh go raibh grúpla mileata moslamach ag iarraidh déachtóireacht fhíochmhar a bhunú sa tír, is iad ag siniú cumhacht mhoslamaigh ar fud an réigúin. Is cinnte nach bhfuil na moslammaigh mileata na An tAontas Islamach na gCúirteanna sa réigúin ro-fhorbartha ó thaobh cearta daonna de, ach ba choir a thuiscint chomh maith an drochstaid a bhí ann roimhe sin. Is í an fhadhb is mó sa réigiún ná morgthacht pholaitiúil agus ní raibh riaracháin chóir dhaonlathach i Somalia le blianta ach rialtas soip faoi scáth bagrach de Ethiopia. Bhí siad lonnaithe i Baidoa go dtí le déanaí. Bhris coimhlint amach arís i 1978 agus anois is arís o 1982.

Fuair An Aetóip cabhair arís anois ó Na Stáit Aontaithe. Thug siad trealamh mileata dóibh agus de réir foinsí áirithe, bhí siad páirteach san greas mileata roimh nollaig. Scaoil siad buamaí ar fud dheiscirt na tíre. Tá sé dealraitheach, afách, go dtiocfaidh an rialtas soip ar ais go Modadishu anois chun an folús polaitaíochta a líonadh. Dár leis na Stáit Aontaithe, bhí gníomhaithe tábhachtacha ó Al Qaida ina chonaí sa tír. Ach níor fuarthas aon fhianaise chun é sin a chruthú. Cáineadh na Stáit Aontaithe ón Aontas Eorpach agus na Náisiún Aontaithe as a hionsaithe sa Somalia, ach mar is eol dúinn go léir, ní chaillaíonn sé sin faic faoi láthair. Dúirt Uachtarán na hAetóip Meles Zenawi go dtógfaidh siad a trúpaí as Somalia nuair a thagann saighdúirí ón Aontas Afrach ar ball. Ach cé go ndéanann rialtas na Stáit Aonaithe alán stocaireacht faoina mbua i Somalia, tá sé deacair a thuar conas a n-éiróidh leo rialtas buan cothrom a bunú sa tír le tacaíocht d’fhormhór na ndaoine. Tá gach cosúlacht ann go gcloisfidh muid níos mó faoin gcoimhlint súid ar ball. Is léir le fada an lá nach bhfuil feis na n-Déithe á chéilúradh sa réigiún a thug Homer Aetióp air.

Gluais

Is docúl go síolraíonn moréis na n-Éorpach- it is likely that the arrogance of the European derives from…
cur síos a dhéanamh- to describe
dreamanna- people
cé is moite de- except for
lonnaithe- settled
is dathúila- most handsome
na mórchumhachtaí- big powers
daorsmacht- oppression
coimhlint- conflict
morgthacht- rottenness, corruption
daonlathach- democratic
rialtas soip- puppet regime

No comments: