Wednesday, March 05, 2008

Cogadh seasta: an féidir linn a bheith ag súil le athrú ar ball?

Céard a tharóidh san Iaráic má roghnófar John McCain? Cén stratéis atá acu chun síochán a bhunú sa tír? Bhuel, ar an gcéad dul síos, beimid ag breathnú ar na Shiitigh mar fhormhór an daonlathais. Ach conas a n-éireoidh leo teacht chun réiteach éigin leis na Sunnigh agus céard a tharlóidh sa Kurdistán, áit a bhfuil trúpaí turcaigh ag feidhmiú anois? Is cinnte go mbeidh na Siitigh ag iarraidh agus an-toilteanach entente cordiale a oscailt leis an Iaráin, ach ní bheidh na Meiricánaigh sásta le seasamh sin ar chor ar bith. Agus, ar ndóigh, má rialtas na hIaráic agus , go háirithe, muintir na hIaráice a bheith ina thír is tábhachtaí sa domhan arabach, beidh siad ag iarraidh a bheidh láidir viz-a-vis a naimhde numero uno, Iosrael. Mar sin, beidh sé riachtanach a bheith láidir go mileata agus ciallaíonn sé sin go mbeidh siad ag iarraidh airm cogaidh ollscriosta a chruthú chomh maith leis na tíortha eile sa réigiún faoi láthair. Tá na Stáit Aontaithe ag breathnú ar blianta neamhchinnte san Iaráci maidir le cobhsaíocht pholaitiúil agus taidhleoireacht idirnáisiúnta. Ar ndóigh, beidh caidrimh na hIaráice le hIarán rud éigin nach dtaitneoidh leis na Stait Aontaithe, os rud é gur ndearna siad
fíor-iarracht Iarán a chur faoi ghlas taidhleoireachta ó tharla an réabhlóid ioslamach i 1979.
B'fhéidir an bhotúin a rinne na Stáit Aontaithe dul chéad uair ná gur chuir sheol siad saighdúirí don Iaráic a bhí páirteach den airm sibhialta. Bhí an fhadhb chéana i gceist nuair a chuaigh siad go dtí Veitman blianta ó shin, agus ciallaíonn sé sin nach bhfuil impireacht Mhericeá reidh chun dul i ngeic lena himpireacht chéanna!

Ardítear an cheist nuair a fheiceann tú ar chás na hIáráice cén fáth nach ndearna comhphobail idirnáisiúnta aon rud chun cabhrú le muinitir na hIaráice nuair a bhí na smachtbhannaí ar siúl ann blianta ó shin. D'fhéadfadh cumhacht a bheith acu chun troid ar sin na saoirse agus an tír a fhuascailt ó Saddam dá mbeadh bia agus acmhainn ceart acu, ach cosúil le gach rud faoi láthair is iad na mórchumhachtaí a dhéanann gach cinneadh a bhaineann le tíortha a bhfuil acmhainn nádurtha tábhachtachta iontu agus ní bhíonn aon mhoráltacht i gceist. Anois tuairiscítear go bhfuil colcheathar de Saddam, a dtugadh 'comical Ali' dó, ar tí teacht os comhar chúirte arís de bharr a hainghníomhaithe i réimeas de Saddam. Beidh an domhan ag breathnú go cúramach ar sin chomh maith agus tá sé cinnte go mbeidh foireann feachtais de McCain ag baint usáíd as an mbolscaireacht sin freisin chun a iarrthóireacht a threisiu roimh an olltoghchán an bliain seo chugainn. Is rud suntasach nach gcloiseann tú caint faoi dhaoine cosúil le Marcos, Duvalier, Suharto agus Mubuto, deachtóireachtaí a fuair tacaíocht ó na Stáit Aontaithe nuair a chur siad a mhuintir faoi dhaorsmacht uafásach. Le déanaí, bhíos ag breathnú ar CNN, mar in ndeireadh an lae, táimid uile ag breathnú ar CNN faoi láthair ó tháinig Barack Obama ar an stáitse. Rinne siad tagairt do Ronald Reagan nuair a luaigh duine éigin go raibh McCain an-shean don uachtarántacht. Ní dhearna aon duine trácht do na hainghníomhaithe a rinne na 'Death Scuads' i El Salvador, Nicaragua agus Panama faoi cheannaireacht Reagan. Níl ach íomha agus ráiteas tábhachtach sna Stáit Aontaithe faoi láthair agus mar sin, i ndeireadh an lae, ní bheidh sé ro-thábhachtach cén reiteach a bheidh ag an chéad uachtarán eile maidir le hIaráic as seo amach. Rud éigin eile go gcaithfidh muid cuimhniú air ná contúirt sheasta ó CIA agus a rúin chun an cogadh a choinnéal dul. Má chloínn Uachtarán Obama le eite chlé an iomarca, d'fhéadfadh a bheith tonnta móra ón eite dheis ina dhiaidh agus tá cumhacht ollmhór acu

No comments: