Wednesday, March 05, 2008

Dóchas Obama v seanréim Clinton nó McCain.

Tá súile an domhain ag breathnú ar chúrsaí reatha sna Stáit Aonthaithe faoi láthair agus i í an fhirinne nach bhfacha aon duine a leithéid d'aitheantais agus suime i gcúrsaí inmheánacha Mheiriceá b'fhéidir ó tháinig JFK ar stáitse an domhain sna seascaidí. Níl aon amhras ach go bhfuil iarrthóireacht de Bharack Obama an rud is suntasaí agus is suimiúla san olltoghchán seo. Ní amháin mar gheall ar an troid i gcoinne chiníochais, ach toisc go bhfuil Obama ag caint faoi 'athrú' an t-am ar fad. Tá sé ag cur in iúl do dhaoine go bhfuil géarghá d'athrú ann agus nach féidir leis na Stáit Aontaithe gréim a choinneál ar thíortha eile le láthreáin mhileata. Is athrú mór a bheas i gceist anseo agus sin an fáth go bhfuil tromlach de mhuintir an domhain ag súil go roghnófar é mar iarrthóir uachtarántachta ar ball. Tá fhios againn uile go raibh Hillary Clinton i bhfabhar an chogaidh agus nach bhfuil i gceist aici ach leanúint ar aghaidh le réimeas dá fear chéile. Cé go bhfuil sé follasach go bhfuil muintir Mheiriceá sáinnithe san ideolaíocht bhurgéiseach a roghnófaí duine cosuil le Clinton, mar a chonaiceamar i gcás George Bush, tá muintir an domhain ag súil go mbeadh athrú suntasach ollmhór maidir le polasaithe eachtracha na Stát Aontaithe feasta. Le fiacha ollmhór de 9 trillion dollar agus geilleagar nach bhfuil ag feidhmú mar a bhí, is cinnte go bhfuil géarchéim ag teacht chucu anois agus go deimhin, beidh impleachtaí suntasacha d'eacnamaíocht an domhain dá bharr. Mura n'déanann siad athrú anois beidh sé ro-dhéanach dóibh an phraiseach a réiteach gan beartas taidhleoireachta cuimsitheach a aimsiú ionas go mbeadh an 'léirsáil bhothair' eigin curtha i bhfeidhm i bPalistíne agus deireadh cogadh san Iaráic gan trácht ar na fadhbanna san Afganistán, áit a bhfuil NATO ag fulaingt de bharr easpa smaointe agus treoir. Ach an mbeadh Obama in ann athru a chur i bhfeidhm. Ar dtús, caifhfear tabhairt d'ár n-uighe go mbeadh sé an-dheacair dó má dhéanann Al Queda ionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe roimh an toghcháin, bheadh lámh in uachtar ar na Poblachtáigh i dtaobh bolscaireachta de maidir lena sheasamh san Iaráic. Ag an am chéana beidh sé deacair do Obama a bheith an-taircaisneach maidir le beartais an Pháirtí Phoblachtánaigh san Iaráic agus i bPalistíne toisc go bhfuil sé ag iarraidh votaí a fháíl uathú freisin agus tá comharthaí ann go mbeidh poblachtánaigh toilteannach votáil ar son Obama mar go bhfuil siad mí-shásta le McCain. Rud eile atá casta do Obama nach bhfuil cúlra mileata aige. Tá sé sin fíor-thábhachtach d'ideolaíocht na Stát Aontaithe chomh maith agus b'fhéidir go mbeadh sé ina bhuntáiste do McCain madiri le cúrsaí eachtracha. Má eiríonn le Obama beidh ré úr nua ag teacht chugainn agus beidh cúís againn bheith dócasach, má eiríonn le Clinton nó McCain beidh 'business as usual'.

No comments: