Wednesday, March 05, 2008

Tá uafás agus díomá ar fud an domhain tar éis bháis de Benazir Bhutto an tseachtain seo caite. Cé nach bhfuil fios fós ag éinne cé a bhí taobh thiar de, is léir go bhfuil sé mar chúis imní agus amhrais istigh sa Phakastáín féin. Tá rialtas na Pakistáine ag maíomh gur ndearna Al Queda an marú. Ach, séanann ceannaire de Al Queda, Mehsud na líomhaintí sin. Níl tharlaíonn sé go minic go shéanann Al Queda líomhaintí a thogtar ina gcoinne nuair a bhíonn siad freagrach. Sé sin a rá go ndealraíonn sé fíor-annamh Al Queda a fheiceáil agus iad a rá nach bhfuil aon bhaint acu leis an ionsaí seo. Is léir dúinn, áfach, go raibh Benazir Bhutto i measc naimhdaithe agus go raibh Al Queda agus na Taliban tar éis bagairtí a dhéanamh go marofaí Bhutto ar ball. Mar sin, feictear dom, go bhfuil rialtas na Pakistáine agus Al Queda ag iarraidh dullamóg a chur a dhaoine mar go bhfuil sé sin usáideach dóibh i dtaobh bolscaireachta de maidir leis an olltoghcháin atá ag teacht. Chiallódh sé sin go bhfuil Rialtas na Pakistáine ag iarraidh am agus spás a fháil chun scéal ceart cuimsitheach a chur le chéile, sceál a chuirfeadh an milleán ar Al Queda. B'fhéidir go bhfuil sé sin fíor, ach tá an PPP ag tabhairt comharthaí amach a insíonn scéal eile. Tugann siad ' conspiracy' ar mharú Bhutto agus ardítear líomhaintí i gcoinne an rialtais dá bharr. Dúirt Tariq Azim Khan, iar leas-aire d'eolais agus é ag caint ar Al Jazeera an tseachtain seo caite,
"caithfimid bheith foigneach le sin agus ba chóir dúinn an inniúchadh ceart a dhéanamh sular ardítear líomhaintí" Dúirt sé chomh maith go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn baint ag foréigean i bPakastáin agus an cogadh san Afganistáin. Mar sin, ba chóir dúinn fanacht le go mbeidh fiosrúcháin cheart déanta ar na cúiseanna. Ach le hionsaithe agus ciréibeacha ag leanúint ar aghaidh gach lá ar fud na Pakistáine, níl sé cosúil go mbeidh am ann chun an eachtra seo a inniúchadh roimh thús an olltoghcháin i mbliana. Ní chuirfidh sé sin isteach morán ar Uachtarán Musharaf, áfach, agus beidh sé ag iarraidh bás de Benazir Bhutto a usáid mar chomhartha an antoisctheachais ioslamaigh na tíre agus an fáth bhfuil a rialú riachtanach go fóill.
Is melée amach agus amach atá i gceist i bPakistáin faoi láthair le roinnt forsaí ag iarraidh a bholscaireacht fhéin a chur i bhfeidhm. Dúirt daoine áirithe ba chóir go sheolfar forsaí NA( Na Náisúín Aontaithe) don réigúin chun síochán a chur i bhfeidhm agus chun cinntiú go mbeidh feachtas toghcháin chothrom ann ins na seachtainí romhainn. Beidh súile an domhain ar rialtas na Pakistáine as seo amach maidir le bás Bhutto, go hairithe nuair a smaointear ar ráiteas de Bhutto cúpla mí o shin nuair a dúirt sí go mbeadh rialtas na Pakistáine agus na forsaí slándála taobh thiar de, dá mbeadh iarracht ann chun í a mharú. Anois dealraíonn sé go bhfuil fíor-amhras ann maidir le seasamh an rialtais, amhras atá ag leathnú le ar aghaidh le gach lá.

No comments: