Wednesday, March 05, 2008

Titim an bhalla ach gan chéilúradh.

Cé go raibh fhios ag daoine ar fud an domhain go raibh smachtbhannaí eacnamaíochta curtha i bhfeidhm i gcoinne mhuintir na Palistíne, cruthaíodh an mheán churarsáide tuariscí a rá go raibh eagla ar mhuinir na hÍosráile mar gheall ar thitim de chuid den bhalla nuair a scrios Hamas é ar na mallaibh. Cúís imní a bhí ann de réir dealramh, cúis imní go mbeadh cead ag sceimhlitheorí dul amú agus trioblóid a chothú le airm ceannaithe, b'fhéidir san Egypt.Codarsnacht rímhór í sin le dearcadh an domhain nuair a thit balla béirlíneach i 1989. Thug titim an bhalla bhéirlíneach gliondar ar mhuintir an domhain, comhartha ba ea é faoi athmhuintearas, faoi dhaonnacht; siombal an daonlathais. Is léir nach bhfuil cothrom le féine i gceist nuair a smaointear faoi phobal na Palistíne, áfach. Cuireadh tuairiscí amach le CNN go raibh 'cúis imní' ar fhorsaí slándála na hÍosráile go raibh 'sceimhlitheoirí' tar éis dul ó smacht, go raibh 'chaos' sa Stráica Gaza agus go raibh ionsaithe de Hamas 'coirúil'. Fuaireamar tuairiscí cosúil le sin anseo in Éireann chomh maith. Dúirt stáisúín na teilifíse nach raibh ach ragús siopadóireachta i gceist acu. Ach ní cheapfá go mbeadh daoine gan acmhaine, gan airgead, gan saoirse agus cearta sibhíalta bunúsacha ag dul i mbun siopadóireachta i stát cóngarach!
Cathain a tharlóidh sé go mbeidh tuiscint nó bá croíúil againn anseo san Iarthar faoi chás na Palistíne? Leannan an foréigean ar aghaidh gan stad gan staonadh agus cloisfimid na bréag ina dhiadh bréag go seasta.
Der réir dealraimh d'oibrigh Hamas ar an dtionscamh seo le roinnt míos ag geartha an bhalla le uirlisí oxy-acetylene. Nuair a thugann tú d'uighe tromlach na bhforsaí slándála san Iosráil agus an dúil cogaíóchta atá acu, chuirfeadh sé iontas ort cé chomh éifeachtach is a bhí an togra uaillmhianach seo. Is mór an bholscaireacht í seo do Hamas agus tá a n-aitheantas, a mheas, tacaíocht agus a n-údarás an-láidir anois i meas an phobail Phalistínigh. Is léir nach bhfuil aon tuiscint ag na meaín chumarsáide san Iarthar, áfach, faoi céard atá ag tarlú sa Phalistín agus mura ndéanfar rud éigin phráineach chun dul i ngleic leis beimid ag breathnú ar an 'holocaust' leanúnach seo le roinnt blianta fós. Coup mór do Hamas agus ba chóir deireadh a chur le dhaorsmacht mhuinir na Palistíne anois!

No comments: