Saturday, November 15, 2008

An gréasán agus éabhlóid na hintinne

Ag breathnú siar ó réamhstair an duine daonna, dealraíonn sé go síolraíonn comhfhios nó meabhar an duine daonna ón dteanga. Is é sin le rá, nuair a thosaigh daoine nathanna a chur le chéile, d’éirigh siad comhfhiosach don chéad uair. Is cuid amhrais é an teóiric sin, áfach. Nílim ag iarriadh a áiteamh go raibh smaointe sodhéanta roimh theacht an fhocail. Thiocfadh dó go raibh. Au contraire, déarfainn go bhfuil rud éigin eile fíor-thábhachtach nár thugadh faoi deara anseo, agus is é sin, eachtra na scríobhneoirachta. Le cur chun cinn na scríobhneoireachta, d’athraigh alán rudaí. Ar an gcéad dul síos, d’athraigh sí ár gcleithúnas ar chuimhne. Cuireann sé iontas orainn inniu nuair a léimid go raibh filí mar Homéar in ann dánta a aithris gan aon téasc aige. Go deimhin, ní raibh aon rogha ag Homéar toisc go raibh sé dallóg! Ach níor gá dó an Illiad nó an Odyssea a léamh. Bhí córas intleachtúil aige a chabhraigh leis nathanna fileata a chimhniú agus eachtraí éagsúla a roímh gan teacht ar leabhar. Ní raibh sé sin neamhchoitinne ag an am. Bhí cuimhne bhuan, chumasach riachtanach i ré an fhile ghréigigh. Le dul chun cinn na scríobhneoireachta, áfach, bhí ár gcumas a léamh níos tábhachtaí ná scéalta , dánta, nó heachtraí stairiúla a aithris nó a ríomh. Sá lá atá inniu ann, táimid ar léibhéil nua eile. Braithimid níos mó ar an ríomhaire agus ar an bhfón póca chun ár shaol laethúil a stuireadh. An rud atá tábhachtach anois ná ár gcumas firicí a léamh agus corais chasta leictreoneacha a oibriú. Le huileláithreacht an mhéain chumarsáide leictreonaigh, éiríonn ár gcumas oibrúil níos tábhachtaí ná ár gcumas cuimhnúil. Nuair a theastaíonn uaim eolas, téim ar an ghréasán. Má tá uair nó dáta uaim féachaim ar mó fhón póca. Is é sin le rá go bhfuil m’intinne, m’intleacht, mó mheabhar féin ós mo chomhar. Seo é mo ríomhaire, seo í m’intinn. Is cuid m’eagna chinn, m’éirim fhéin é mó ríomhaire.Is éabhlóid intinnúil a tá i gceist anseo, éabhlóid nach bhfuilimid in ann a thuiscint go ceart go fóill. Tugann an modus operandi áit an modus pensandi, táimid tar éis éibhlóid a dhéanamh ó homo sapiens go homo technicus, mar a dhearfá. Mar sin, is féidir a tuar an dushlán atá in ndán dúinn sa todhchaí: comhleá an duine daonna le measíní, an comhleá idir teicneolaíocht agus bitheolaíocht. An gciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag éirí níos bománta? Nó go bhfuil meath nó creimeadh ag tarlú d’ár gcumas intleachtúil? Ní chaithfidh sé go bhfuil. B’fhéidir go gcaillaíonn sé sin go bhfuilimid ag éirí níos cliste. Ós rud é go bhfuil flúirse eolais ar fáil dúinn, ní foláir dúinn a bheith in ann an t-iomlán eolais chomhghaolmhar nó measctha a fheicimid ar an idirlíon a mhíniú agus ciall a bhaint as. Ní foláir dúinn a bheith éirimúil chun é sin a dhéanamh go maith. Ach is éirim fhíordhifrúil í sin, éirim atá go páirteach lasmuigh ár gcloigeann, éirim dhomhanda gan tús gan chríoch, éirim atá fite fuaite leis an ngréasán domhanda. Is ar bhonn sin gur féidir linn a áiteamh go bhfuil bunús an meabhair iad na meáin chumarsáide.

No comments: