Tuesday, February 10, 2009

An labhróidh Washington le Tehran? An labhróidh Tehran le Tel Aviv?


An labhróidh Washington le Tehran? An labhróidh Tehran le Tel Aviv?

Ní chloistear mórán faoi choimhlint i bPailistín faoi láthair. Tá an olltoghchán Iosraelach faoi lánseol, ach cé go mba sin ceann de na cúiseanna chun an cogadh a fhearadh, ní dhealraíonn sé anois go raibh an beartas sin rathúil. Sular sheol siad na trúpaí chun Gaza, dúirt rialtas na hIosraele go raibh sé mar aihm acu, Hamas a scriosadh agus a chur as feidhm. Ach tar éis níos mó na 1330 daoine maraithe agus 5450 gortaithe, tá Hamas fós ann agus, de réir cosúlachta, ag bailiú nirt.
Tá muintir an domhain ag feidheamh le ráiteas Obama faoin gcogadh sa Mheán Oirthear. Shílfeá go mbeadh dearacadh agus straitéis eile aige chun dul i ngleic le coimhlint den chineál sin. Go deimhin, ba chomhartha maith é cinneadh Obama George Mitchel a sheoladh don réigiún. Ar a laghad, tá taithí chuimsitheach faighte aige ón gcloimhlint i d’Tuisceart na hÉireann. Tá sé tharr am anois don Teach Bán ról níos pragmataí a ghlacadh sa Mheán Oirthear. Anois agus na Stáit Aontaithe ag ullmhú a dtrupaí a tharraingt as an Iaráic, tá comharthaí ann go bhfuil an cúlra geopholaitiúil ag athrú sa réigiún. Tá an Iaráin ag oscailt an dorais do dhioscúrsa leis na Stáit Aonaithe , comhartha eile go bhfuil teacht i láthair Obama ag spreagadh athrú intinne sa Phoblacht Ioslamach. Má labhraíonn Washington le Tehran, d’fhéadfadh sé an seanchaidhreamh a bhí idir an dá tir roimh an réabhlóid ioslamach i 1979 a athbunú.
O bunaíodh Poblacht Ioslamach na Iaráine i 1979, bhí drogall ar rialtais na Stát Aontaithe taidhleoireacht shaoithínteach a chur i bhfeidhm le rialtas na hIaráine. Ach nuair a tháinig an Ayatollah Khoméini i gcumhacht san Iaráin i 1979, bhí sé brea sásta dul i ndáil chomhairle le hIosrael. Bhí gá do Therhan margadh a dhéanamh le hIosrael chun gunnaí a cheannach. Bhí a fhios ag Iaráin go mbeadh sé usáideach dóibh a bheith cairdiúil le Iosrael dá bharr. Ach céard faoi ráiteas d’Athmadinijad cúplá bliain ó shin go raibh sé ar intinn aige Iosrael a scriosadh? Chuala mé taidhleoir Iaráineach sa Radio na Fraince an tseachtain seo caite agus é a ag maíomh nár aistríodh na focail an uachtaráin go ceart. Bhí sé a rá, dar leis, go mba choir go scriosfaí an sionachas. Bheul, b’fheidir go raibh mícheart againne. Ach ta rud amháin soléir anois: má fheicfimid rapprochement idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, ta sé dealraitheach go laghdóidh sé sin an brú faoi Iosrael deireadh a chur ar a dhaorsmacht faoi mhuintir na Pailistíne. I ndeireadh an lae, is muintir bhocht iad na Pailistínigh agus is beag an meas atá ag na rialtais arabacha eile sa réigúin ar chearta daonna a gcomharsana

No comments: