Monday, January 04, 2010

Barack Obama: Bush le haghaidh nua



Le seacht bunáite mileata nua faoi thógháil i gColomóim, níos mó lastais d’airm á thraisloingiú chug Iosrael, anord agus sceimhlitheoireacht faoi lánseol san Iaráic agus an slogadh mileata meiricáneach is mó ó chogadh sa Vítneam san Afghanistáin, fuair Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama an Duais Nobel san Oslo an tseachtain seo caite. Cé a chreidféa? Sa ráiteas a thug sé san Oslo, labhair Uachtarán Obama faoi thábhacht an chogaidh sa troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Bhí sé ag iarraidh a chur in iúl do dhaoine go raibh an cogadh ceart agus cóir. Bhí sé ag iarraidh a chur in iúl dúinn go raibh Na Stáit Aonaithe ag iarraidh saoirse agus síochán a chothú ar fud an domhain. Ergo, bhí sé riachtanach leanúint ar aghaidh le cogadh, an cogadh buan domhanda ar son na síochána!

O togadh Obama an bhliain se caite níor athraigh Mister Change tada. I dtaobh milteata agus eacnamaíochta de, níl aon dhifríocht idir Obama agus Bush. Go tipiciúil, níl i gceist anseo ach chomhthoradh an fhoirceadail Bush. Ach i bhfírinne, tá Obama níos contúirtí fós. Ní raibh aon chreidiúnacht fágtha do pholaitíocht na Stát Aontaithe nuar a bhí Bush i gcumhacht ach anois tá fear deas, éirimúil i gcumhacht agus is breá an díoscúrsa a dhéanann sé cé go bhfuil an díoscúrsa ceannann céanna le déachtóir Bush!

Nuair a bhí Barack Obama ag canbhasáil agus ag stocaireacht d’ uachtaránacht na Stát Aontaithe an bhliain seo caite, ba mhór an dóchas a bhí agam ag an am. Shíl mé ansin go raibh rúd éigin iontach agus tábhachtach ag tarlú sa domhan. Ach bhí sé deacair ansin a chréidbháil go mbeadh athrú sunstasach docúil. Dúirt mé ansin nach mbeadh ach athrú cosmaideach i gceist agus b’sin an fáth go raibh an aicme cheannais na Stát Aontaithe ag chur chun cinn an Seanadóir Obama. Ach ag an am céanna, bhí dócas agam go mbeadh sé difriúil. Anois Uachtarán Obama sé déistin orm. Measaim nach bhfuil ifreann i ndán do mhuintir an domhain anois agus i ndeireadh na dála, tiocfaidh an t-ifreann sin ar ais do na Stáit Aontaithe féin. Féach ar na tíortha ar liosta na stát rógaire a luaigh Obama in san ráiteas: An tSiombáib, Déanphoblacht Dhoanlathach na Cóiré, an tSomáil , Maenmar, An tSúdáin agus ar ndóigh An Iaráin. Bheadh sé réasúnta do thíortha sin a bheith buartha anois agus an cogadh ‘daonúil’ a bheith i ndán dúinn mura bhfuil siad réidh cloí le leas na Stát Aontaithe agus ECAT!

Gluais

Slogadh- mobilisation

Comhthoradh- corollary

Foirceadal- doctrine

an aicme cheannais- ruling class

daonúil- humanitarian

Leas - interest

No comments: